Скачать презентацию Saol na Tuaithe sa 19ú h Aois Скачать презентацию Saol na Tuaithe sa 19ú h Aois

15ab63eb14e7499f559cdee44fcb2cb1.ppt

  • Количество слайдов: 22

Saol na Tuaithe sa 19ú h. Aois Saol na Tuaithe sa 19ú h. Aois

200 0 190 0 180 0 0 170 160 0 150 0 140 0 200 0 190 0 180 0 0 170 160 0 150 0 140 0 Amlíne An naoú haois déag. An lá atá inniu ann. Rachaimid siar breis is 100 bliain chun súil a chaitheamh ar shaol na tuaithe in Éirinn sa naoú haois déag. Is é atá i gceist leis an naoú haois déag ná na blianta idir 1801 agus 1900. Is féidir sin a scríobh mar an 19ú haois freisin. Bhí formhór mhuintir na hÉireann ina gcónaí faoin tuath sa naoú haois déag. in las fao o himid e nn? ig s a fha ag in Éiri Cona é haois d naoú

Le heolas a fháil ar an naoú haois déag in Éirinn, caithfimid staidéar a Le heolas a fháil ar an naoú haois déag in Éirinn, caithfimid staidéar a dhéanamh ar an bhfianaise atá againn a bhaineann leis an tréimhse sin. Cén cineál fianaise atá ann, meas tú?

Fianaise is ea na seantithe ón 19ú haois atá le feiceáil ar fud na Fianaise is ea na seantithe ón 19ú haois atá le feiceáil ar fud na tíre. Tugann siad léiriú dúinn ar an gcineál saoil a bhí ag daoine sa tréimhse sin. Is féidir linn féachaint ar sheanghrianghraif ón 19ú haois chun eolas a fháil ar an saol in Éirinn ag an am. Cineálacha Fianaise Is féidir linn amharc ar na nithe a bhíodh in úsáid ag daoine sa 19ú haois chun teacht ar thuiscint níos fearr ar an saol a bhí acu ag an am. Déantúsáin a thugaimid ar an gcineál sin fianaise. Tá eolas maidir leis an 19ú haois le fáil i sean-nuachtáin agus i seanlitreacha freisin. Fianaise scríofa atá iontu sin.

Bhíodh daoine ina gcónaí i dtithe mar seo in Éirinn sa naoú haois déag. Bhíodh daoine ina gcónaí i dtithe mar seo in Éirinn sa naoú haois déag. Cén cineál saoil a bhí ag na daoine a mhair sna tithe seo, meas tú?

Ba le tiarnaí talún Protastúnacha formhór na talún in Éirinn sa naoú haois déag. Ba le tiarnaí talún Protastúnacha formhór na talún in Éirinn sa naoú haois déag. Seo ar chlé an cineál tí a bhíodh ag an tiarna talún. ‘An Teach Mór’ a thugadh muintir na háite ar theach mar seo a mbíodh tiarna talún ina chónaí ann. Saol breá sómasach a bhíodh ag an tiarna talún agus ag a theaghlach sa teach mór álainn seo.

Bhíodh togha an troscáin i ngach seomra sa teach acu. Bhíodh béilte móra foirmiúla Bhíodh togha an troscáin i ngach seomra sa teach acu. Bhíodh béilte móra foirmiúla acu sa tráthnóna. Bhíodh togha gach bia agus rogha gach dí acu ag na béilte sin. Ba mhinic cóisirí acu.

Chaitheadh na fir sna tithe móra cultacha galánta agus hataí arda. Chaitheadh na mná Chaitheadh na fir sna tithe móra cultacha galánta agus hataí arda. Chaitheadh na mná gúnaí fada. Bhíodh a gcuid gruaige curtha suas acu. Tógadh an grianghraf seona stíleanna gruaige na difríochtaí a thugann tú faoi Déan cur síos ar sa bhliain 1865. Cé atá ar na daoine sa ghrianghraf. deara idir na héadaí atá ar na daoine sa ghrianghraf agus éadaí na linne seo?

Chaitheadh na tiarnaí talún a lán ama ag seilg, ag foghlaeireacht agus ag rásaíocht Chaitheadh na tiarnaí talún a lán ama ag seilg, ag foghlaeireacht agus ag rásaíocht capall. Dhéanadh na mná sna tithe móra bróidnéireacht, scríobhaidís litreacha agus thugaidís cuairt ar a gcairde. Chaitheadh na fir agus na mná na tráthnónta ag imirt cártaí, ag damhsa agus ag éisteacht le ceol agus le drámaí.

Ligeadh an tiarna talún talamh amach ar cíos le muintir na háite. Tionóntaí a Ligeadh an tiarna talún talamh amach ar cíos le muintir na háite. Tionóntaí a thugtaí ar na daoine a fuair talamh ar cíos. Ba mhór an difear idir tithe na dtiarnaí talún agus tithe na dtionóntaí.

Feirm bheag a bhí ag cuid mhór de na tionóntaí, áfach. Teach ceann tuí Feirm bheag a bhí ag cuid mhór de na tionóntaí, áfach. Teach ceann tuí aon stór a bhíodh acu agus is beag troscán a bhíodh sa teach sin acu. Is minic a choimeádtaí na hainmhithe sa teach san oíche. Bhíodh roinnt de na tionóntaí go maith as. Feirm mhór a bhíodh acu sin agus bhíodh cónaí orthu i dteach cloiche dhá stór. Bhíodh go leor seomraí sa teach agus cuid mhaith troscáin ann. Bhíodh rogha mhaith bia ag an teaghlach agus ba mhinic feoil acu.

Níos boichte fós a bhí an chuid eile de mhuintir na tuaithe. Ní bhíodh Níos boichte fós a bhí an chuid eile de mhuintir na tuaithe. Ní bhíodh feirm dá gcuid féin acusan ach paiste beag talún a gcuiridís prátaí ann. Ba ghnách leo dul ag obair do na feirmeoirí móra. Bothán beag aon seomra a bhíodh ag na daoine sin. Díon tuí a bhíodh ar an mbothán agus é, de ghnáth, gan fuinneog gan simléar. Ní bhíodh leaba ar bith ina lán de na botháin ach an teaghlach ar fad ina gcodladh ar bheart tuí ar an urlár.

Tógadh an grianghraf seo sa bhliain 1888. Céard é seo? Déan cur síos sa Tógadh an grianghraf seo sa bhliain 1888. Céard é seo? Déan cur síos sa ghrianghraf orthu. An bhfuil na daoinear na héadaí atá bocht nó saibhir, meas tú? Tabhair cúis le do fhreagra. Corcán atá ann. Dhéantaí prátaí a bheiriú ann agus é ar crochadh ar an tine.

CéSeo nithe sa ghrianghraf seo a 1888. gur tógadh fadó é? na grianghraf eile CéSeo nithe sa ghrianghraf seo a 1888. gur tógadh fadó é? na grianghraf eile ón mbliain léiríonn Tá siad curiompar móna abhaile sa ghrianghraf? Céard ag síos ar ag na daoine don tine. Déan atá ar siúl na héadaí atá orthu.

Prátaí agus bainne ba mhó a d’itheadh gnáthmhuintir na tíre. Ba ghnách leo prátaí Prátaí agus bainne ba mhó a d’itheadh gnáthmhuintir na tíre. Ba ghnách leo prátaí a ithe i gcomhair bricfeasta, dinnéir agus suipéir, faoi mar a deirtear sa dán seo: Prátaí ar maidin, Prátaí um nóin, Agus dá n-éireoinn san oíche, Is prátaí a gheobhainn.

Cé go raibh saol bocht crua ag na gnáthdhaoine an t-am sin bhainidís sult Cé go raibh saol bocht crua ag na gnáthdhaoine an t-am sin bhainidís sult as an saol chomh maith. Bhíodh oícheanta ceoil, rince agus scéalaíochta acu ina dtithe nuair a thagadh ceoltóirí agus scéalaithe ar cuairt. Nuair a gheobhadh duine bás, dhéantaí é a thórramh. Thagadh gaolta agus cairde chuig teach an mhairbh agus bhíodh amhránaíocht, rince agus bia acu. Bhíodh an-tóir ar an iománaíocht an t-am sin. Ghlacadh paróistí iomlána páirt i gcluichí iománaíochta.

Seo lampa ola. D’úsáidtí é mar fhoinse solais. Ní raibh leictreachas sna tithe an Seo lampa ola. D’úsáidtí é mar fhoinse solais. Ní raibh leictreachas sna tithe an t-am sin. Seo corcán. Chrochtaí an corcán ar an tine agus bheirítí prátaí do mhuintir an tí ann. Déantúsáin Seo roinnt nithe a bhíodh in úsáid ag daoine sa teach sa naoú haois déag. An bhfuil a fhios agat céard iad? Seo iarann. Chuirtí an t-iarann isteach sa tine chun é a théamh. Seo clár níocháin. D’úsáidtí é chun éadaí a ní. Chuimlítí na héadaí i gcoinne éadan rocach an chláir níocháin chun an salachar a bhaint astu.

Ráiteas Fíor nó Bréagach? Fíor Bhí formhór mhuintir na hÉireann ina gcónaí faoin tuath Ráiteas Fíor nó Bréagach? Fíor Bhí formhór mhuintir na hÉireann ina gcónaí faoin tuath sa naoú haois déag. Chaitheadh na mná sciortaí gearra sa naoú haois déag. Dhéantaí prátaí a bheiriú i gcorcán a bhí ar crochadh ar an tine. Ba le tiarnaí talún Protastúnacha formhór na talún in Éirinn sa naoú haois déag. Bhíodh cónaí ar na tiarnaí talún i mbotháin bheaga aon seomra. Prátaí agus bainne ba mhó a d’itheadh gnáthmhuintir na tíre. D’úsáidtí lampaí leictreacha mar fhoinsí solais. Nuair a gheobhadh duine bás, dhéantaí é a thórramh. Bréagach

Is féidir míreanna mearaí a dhéanamh ar an suíomh seo: http: //knowtheromans. co. uk/Games/Jigsaw. Is féidir míreanna mearaí a dhéanamh ar an suíomh seo: http: //knowtheromans. co. uk/Games/Jigsaw. Game/index. php? difficulty=2&timer=on&guide=off&image=74 fa 1 c 7 b 4 b 2 b 92 c 28 dc 8642 df 6 ac 56 c 5. jpg

Tá ‘teach mór’ ón 19ú haois le feiceáil ag Newbridge House i g. Co. Tá ‘teach mór’ ón 19ú haois le feiceáil ag Newbridge House i g. Co. Bhaile Átha Cliath. Cuirtear fáilte roimh ghrúpaí scoile ann. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh seo: www. newbridgehouseandfarm. com

Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir íomhánna Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo: Newbridge House and Farm, Co. Bhaile Átha Cliath (www. newbridgehouseandfarm. com); Deputy Keeper of Records, Public Record Office of Northern Ireland National Museums of Northern Ireland; Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Íomhánna eile: Shutterstock Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2015 An Gúm, 24 -27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1